Is ar phrionsabal na éagsúlachta, idir
chultúir, nósanna agus chreidimh, atá an tAE bunaithe. Cuimsíonn
sé seo teangacha.
Ar mhór-roinn ina labhraítear an oiread sin
teangacha, tá sé sin nádúrtha. Tá trí fhine teangacha i measc
theangacha oifigiúla an AE: Ind-Eorpach,
Fionn-Úgrach
agus Seimiteach.
Agus is beag seo
i gcomparáid le mór-ranna eile.
Tá an éagsúlacht
teanga éirithe níos sofheicthe ná riamh toisc gur mó an
teagmháil a bhíonn ag daoine le heachtrannaigh ná riamh roimhe
seo. Is minicí ná riamh a bhíonn orthu teangacha seachas a
dteangacha féin a labhairt, bíodh sin trí mhalartú mac léinn,
imirce nó gnó i margadh lánpháirtithe na hEorpa, trí
thurasóireacht nó domhandú ginearálta, fiú.
Cuireann
Airteagal 22 de chairt na mbuncheart san AE, ar glacadh léi i
2000, iachall ar an AE meas a léiriú ar an éagsúlacht teanga
agus coscann Airteagal 21 aon idirdhealú ar bhonn teanga. Maraon
le meas ar an duine aonair, oscailteacht do chultúir eile agus
caoinfhulaingt le daoine eile, is luach lárnach de chuid an
Aontais Eorpaigh é meas ar éagsúlacht teanga.
Baineann an
prionsabal seo ní hamháin le 23 teanga oifigiúla an AE ach
freisin leis an iliomad teangacha réigiúnacha agus mionlaigh a
labhraíonn codanna dá dhaonra.
Tá sé seo de dhlúth is d'inneach an AE - ní ina ‘chorcán leáite’
ina ndéantar difríochtaí a laghdú ach mar áit inar féidir an
éagsúlacht a cheiliúradh mar fhoinse saibhris.
Tá 27 de Bhallstáit agus 23 de theangacha oifigiúla ag an Aontas
Eorpach
Tá 27 de Bhallstáit agus 23 de theangacha oifigiúla ag an Aontas
Eorpach:
Click on the
language
to reach the page in this particular European language
Is minic a mheasctar an t-aistriúchán agus an ateangaireacht.
Bíonn aistritheoir ag obair ar théacsanna scríofa (m.sh. ar
úrscéalta, treoracha d'úsáideoirí, litreacha, fotheidil,
suíomhanna gréasáin) fad is a bhíonn ateangaire ag plé le focail
labhartha dhuine eile a chur i dteanga eile.Bíonn a lán aistriúchán "pragmatach" (lámhleabhair,
tuairiscí oifigiúla, tuairiscí airgeadais, srl.) ach bíonn cinn
eile "liteartha" (filíocht, úrscéalta, aistí, srl.)
Ag brath ar an gcineál téacsa, seans go n-éileoidh an t-aistriú
eolas teicniúil de shaghas éigin, mar shampla sa leictreonaic,
san airgeadas, i gcúrsaí leighis, ceimice nó luibheolaíochta, nó
eolas ar ghnéithe cultúrtha nó stíle (do chomhardadh nó
d'imeartas focal).
Is minicí a fhoghlaimíonn daoine teangacha iasachta inniu ná
riamh. Mar sin féin, níl deireadh le gá na n-aistriúchán. A
mhalairt ghlan, tá feiniméin mar an domhandú agus luas na
forbartha teicneolaíochta, maille leis an ngá do threoracha do
tháirgí nua agus an síormhéadú ar líon na mbealach teilifíse,
tar éis cur leis an méid aistriúchán is gá.
Maidir leis an aistriúchán
trí mheaisíní, tig leis tuairim gharbh a thabhairt duit faoin
mbrí atá le téacs i dteanga thar d'eolas, ach tá baol ard
míthuisceana ag baint leis. Ní mór don dea-aistriúchán a lán
nithe a chur san áireamh: comhthéacs, struchtúr, rialacha
gramadaí, stíl, baol na mbríonna dúbailte ó chomhchiallaigh agus
imeartas focal. Sin an fáth ar cheart an teicneolaíocht a mheas
mar uirlis d'aistritheoirí daonna, ní mar ionadaí dóibh.
UpLingua Web
Business Solutions - Web Translation, Web Visibility, Web site Creation,
Web site Maintenance and Promotion Brussels, Belgium - Milan, Italy
- Istanbul, Turkey - E-mail:
info@uplingua.com
- Web:
www.uplingua.com
Aistriúchán Irish - Gaeilge, Éagsúlacht
teanga, Aistriúchán, Tá 27 de Bhallstáit agus 23 de theangacha oifigiúla
ag an Aontas Eorpach, Aistriúchán, Is minic a mheasctar an t-aistriúchán
agus an ateangaireacht. Bíonn aistritheoir ag obair ar théacsanna
scríofa (m.sh. ar úrscéalta, treoracha d'úsáideoirí, litreacha,
fotheidil, suíomhanna gréasáin) fad is a bhíonn ateangaire ag plé le
focail labhartha dhuine eile a chur i dteanga eileTranslations of
languages: Bulgarian, Czech, Danish, German, Estonian, Greek, English,
Spanish, French, Irish, Italian, Latvian, Lithuanian, Hungarian,
Maltese, Dutch, Polish, Portuguese, Romanian, Slovak, Slovene, Finnish,
Swedish Translations services by http://www.uplingua.com/ Vincent
Butaye, Antonella Culasso translators in Brussels, Milan, Istanbul